Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 317](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0068%2FCBES_0068_317.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 317
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ndícheall.
Bhíodh plúr agus bainne agus im agus min-choirce agus gach rud ghá gcuid fhéin aca.
D'fheicfheá na mná maidineacha sathairn agus iad ag dul go Gaillimh agus a gcuid ciseán faoi na n-asgallaibh aca - lán d'ím agus d'uibheacha.
Dubhairt mo shean-mháthair liom gur minic a shiubhail sí fhéin cheithre mhíle dhéag go Gaillimh le ciseán chomh maith. Tá sí básuighthe ó shoin. Ar an satharn is mó a théighidís ann. D'innis sí dhom faoi an t-am a raibh sí fhéin ag dul ar sgoil agus an méid oibre a bhíodh le déanamh aice nuair a thagadh sí abhaile. Chaith sí tamall maith in Albain.
Tá dearmad déanta agam ar leath an mhéid a dubhairt sí liom. Bhí na daoine an-bhocht timcheall Chonamara an tam úd, ach má bhí fhéin choinnigheadar suas an obair.
Ní raibh mórán oibre le déanamh ins an teach (úd) an tam úd ach an méid a ghnítí san oidhche, ach gach duine ag obair ar an bhfeilm.
D'fhágadh an t-athair agus an mháthair na páistí ar sgoil fadó go mbídís ó shé bliana déag go dtí fiche bliadhain d'aois.
Ní raibh na daoine chómh leisgeamhail an t-am úd is atá siad anois, rud ar bith a bhíonn le déanamh anois déarfhaidh siad, "Coinneóchaidh muid duine de na gasúir seo ó'n sgoil indhiu agus déanfhaidh siad é,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Confhaola
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Maighread Ní Donnchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 66
- Seoladh
- An Máimín, Co. na Gaillimhe