Scoil: Oileán Iarthach
- Suíomh:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Ceallaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 348](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0068%2FCBES_0068_348.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 348
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus is gearr go dtáinich siad go crann mór gar go theach Seáin. Chuaidh an fear sidhe suas sa gcrann. Lean Seán é agus ní túisge an bheirt thuas sa gcrann ná d’éirigh pálás breágh ós a gcómhair amach.
“Seo é mo theach-sa” arsan fear sidhe d’ith siad agus d’ól siad a sáith.
Dubhairt an fear le Seán dealg a bhaint de crann sgeithe ar bith a casfadh air agus é a sháthadh sa gcraipín a bhí ar chúl cinn a inghine agus go mbeadh a h-amharc aici go deo. Thug an fear sidhe pota óir dhó a mhairfeadh go deo dó ach gan a innseacht dhó neach beo ach dhá bhean agus dhá ingean ach gan dearmad a dhéanamh ar an dealg a sháthadh i gcúl a inghine.
D’fhág siad slan ag a chéile agus rinne Seán mar d’orduigh an fear sidhe dhó. Chuaidh sé abhaile chuig a bhean is a inghin agus mhair siad go sona seidhbhir na dhiaidh sin.- Bailitheoir
- Brighid Ní Chonaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tOileán Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Liodáin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann