Scoil: Oileán Iarthach
- Suíomh:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ciste Óir i bFolac.
Bhí fear ann fadó. Bhí sé posta. Bhí gáirdín mór ubhall aige agus bhí dhá sgór crann ann. Aon oidche amháin bhí sé ag brionglóidigh go raibh ciste óir i bhfolach faoi cheann éigin de na crainnte a bhí ins an ngáirdín ubhall. Nuair a d'éirigh sé lá'r na bháireach d'ith sé a bhricfeasta agus chuaidh sé amach san ngáirdín agus thug sé leis sluasad agus do cart sé a raibh de créafóig thart ar chrann aca féachaint a bhfuigheadh sé an chiste ach sin a raibh dhá bhárr aige.
Bhí sé ag brionglóidigh oidhche eile go raibh ciste óir i bhfolach faoi ceann eile de na crainnte. Nuair a d'éirig sé lá'r na bháireach d'ith sé a bhricfeasta agus chuaidh sé amach sa'n ngáirdín, thug leis sluasad, agus níor fhág sé crann sa'n ngáirdín nar chart sé a raibh go chréfóig fútha uilig. Nuair a bhí an crann deiread cartuighthe aige fuair sé dhá mhála lán go béal idir ór buidhe is sgilleaca.
Chuaidh sé isteach go dtí na bhean leis an dhá mhála óir agus bhí sé féin is an bhean saidhbir go deo diaidh sin.- Bailitheoir
- Brighid Ní Chonaire
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Liodáin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 71