Scoil: Oileán Iarthach
- Suíomh:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Oileán Iarthach
- XML Leathanach 389
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-FhoclaNí h-eolas go h-aointigheas agus ní h-aointigheas gan bliadhain
Tiomsuigheann brobh beart.
Is mór é ceannacht an réidhtigh
Fág an tír nó bí sa bfáisiún
Is namaid an cheird gan í fhoghluin
Múin go do máthair le leite a dhéanamh
La an éigin 'seadh féachtar an charaid is fearr
Céard a dhéanfadh an cat ach luch a mharbhadh.
An rud is doilighe le duine b'féidir gur é a leas é
Gach duine ag iarraidh a bheith ag tochras ar a cheirtlín féin
Is maith í an fóighid acht is dona í an fhaillighe
Ní bhfuigheann minic onóir.
Ní téigheann cuileog san mbéal a bheas dúnta.
Ní airigheann sáthach seang fhad a's bhíonn a bholg féin teann.
Nuair is fearr an greann is eadh is fearr leigean dó.
Oineach Uí Bhriain is a dhá shúil 'na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Mháithnín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chatháin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 79