Scoil: Oileán Iarthach
- Suíomh:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Oileán Iarthach
- XML Leathanach 417
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal.Bí Rí ann uair agus bhí aon inghean amhain aige. Aon lá amháin tháinic fear beag bídeach isteach an doras agus d'fhiafruigh sé di an bpósfadh sí é. Ba gránna leis an ingin a leithidhe sin de sean fhearín a phósadh agus dubair [!] sí nac bpósfad.
Bí an feairín ag imtheacht agus dubhairt sé leí mara mbeadh a ainm ar bharr a teangaidhe go gcaithfeadh sí a phósadh. D'imthigh an firín gan focal a rádh. Bhí an cailín i gcruadhchás annsin. Tháinic a h-athair isteach annsin agus dubhairt sé go bhfaca sé an firín is granna dhá bhfaca sé ariamh agus e ag rádh:
"Druimín a luachra
Druimín a luachra mé
Ach ní feasach d'on chailín
Cé'n t-ainm atá orm".
Bhí a fhios ag an gchailín cé'n t-ainm abhí air. Nuair a tháinic an firín isteach bhí a fhios ag an gchailín cé'n t-ainm abhí air. D'imthigh an firín leis annsin gan focal a rádh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Chonaire
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Liodáin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 71
- Seoladh
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe