School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 101
- XML “An Fear agus an Bhean”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gclaidhe a rinne sé an lá roimhe sin agus sgaoil sé na beithidhigh isteach ann. Chonnaic sé crann úbhla sa ngarrdha agus chuaidh sé suas ann. Thosaigh sé ag caitheamh na n-ubhall anuas chuig na beithidhigh nuair a bhí a dhóthain ithte aige féin acu. Níorbh fhada gur airigh sé barr na coille ag dhul in íochtar agus a h-íochtar ag dul in uachtar ag an bhfathach ag teacht.
Bhreathnuigh an fathach suas sa gcrann agus chonnaic sé an t-Éireannach thuas sa gcrann.
"Fú fá féasóg", adeir an fathach, níl a fhios agam an suas sa spéir a chuirfeas mé thú nó le séideóig do'n domhan thoir".
"Beir ibhfad suas ort féin", adeir an t-Éireannach ag léimneach anuas chuige.
"Cé fearr leat; a bheith ag carraigheacht ar leacrachaibh glasa nó bheith ag cur sgeana i n-easnachaibh a chéile", adeir an fathach.
"Is fearr liom bheith ag carraigheacht ar leacrachaibh glasa mar 'sé is mó chleacht mé ag baile", adeir an t-Éireannach.(continues on next page)- Informant
- Micheál O Cuáláin Phádraic
- Gender
- Male
- Age
- c. 70
- Address
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe