Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Muc
- XML Leathanach 335
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ciste óir i bhfolachDeirtear go bhfuil ciste óir i bhfolach annseo agus annsúid ar fud na tíre a bhí ag sean daoine fadó. Níor mhaith leo an t-ór a fágáil i (nd)[sic] na ndiaidh ag a gclainn agus séard a dhéanaidís é a chur i bhfolach faoí bun crainn. Tá ciste óir i bhfolach faoí bhun crainn san gceanntar seo againn-ne agus deirtear go bhfuil eascon dhá fhaireadh. Tá sé ráidhte go ndeacha fear dhá thoruigheacht agus nuair a tháinic sé go dtí an ciste chonnaic sé an eascon casta ar an gciste. Sé Seán Phádraig Mhíchil a chuir faoín gcrann é. Acht nuair a tháinic an fear seo ag an bpoll léim an eascon amach chuige agus rith sé le na anam agus ní raibh sé de mhisneach ag aon duine a dhul go dtí an crann ariamh ó shoin.Bíodh na sean-dhaoine ag rádh dhá gcaitheadh an fear trí bhraon uisge coisreacan ar an n-eascon go bhfuigheadh sé bás(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Uí Conaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Conaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe