Scoil: Ros Muc

Suíomh:
Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Stiofán Ó hOisín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 390

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 390

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Muc
  2. XML Leathanach 390
  3. XML “Baintreach agus Feilméara”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tháinic an taidhbhse aníos chuige agus d'innis sé dhó cé'n fáth a raibh sé annsin. Dubhairt sé gur choinnigh sé cúlán fataí ó bhaintreabhach agus go gcaithfeadh sé fíordhachta a fhághail le haghaidh maithteanas a fhághail ó'n mbaintreabha[ch.] Chuaidh an sagart go dtí an bhaintreabhach agus dubhairt an sí [!] nach mbéadh sí sásta go bhfághadh sí luach saothar mar gheall ar an méid anró a fuair sí féin agus a clann ag cur na bhfataí. Chuaidh an sagart go dtí an taidhbhse arís agus dubhairt sé nach raibh sé sásta. Dubhairt sé leis a dhul go dtí a mhac agus leath acra talmhan a tabhairt di. Chuaidh sé go dtí an bhaintreabhach agus dubhairt sí léi go dtiubhradh sé leath acra talman di. "Beidh mé sásta," adeir sí. Chuaidh sí fhéin agus an sagart go dtí an taidhbhse. "Tar aníos a bhuachaill[,"] adeir sí. Tháinic an tadhbhse aníos ó'n úrlar agus chaith sé é fhéin síos ar an urlar ar a dhá ghlúin ag iarraidh maithteanas ar an sagart.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Thnúthail
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ros Cíde, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Tnúthail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    Ros Cíde, Co. na Gaillimhe