Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Muc
- XML Leathanach 427
- XML “An Tarbh Breac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an tarbh amach agus d'ith an buachaill a bhéilidh. Is gearr gur dhúisigh an inghean. Chuir an buachaill amach na beithidhigh agus d'imthigh an inghean abhaile agus d'innis sí a sgeal. Chuaidh an dara inghean amach lár na bháireach agus nuair a bhí sé an haon a chlog dairigh sí ceol is deise chuala sí ariamh agus thuit sí ina chodladh. Tháinic an tarbh agus d'ith sé a bhéile agus dhúisigh an inghean. Chuir sé amach na beithidhigh agus rith an inghean abhaile agus dubhairt sí gur chuala sí an ceol is deise chuala sí ariamh. An tríomhadh lá chuaidh sé ag fosaidheacht agus chuir sí an tríomhadh inghean amach dhá fhaire agus bhí trí súil innti agus d'airigh sí an ceol agus thuit sí na codladh ach bhí an tsúil a bhí ina cúl dúisighthe agus chonnaic sí an tarbh ag teacht agus an buachaill as [!] casadh na adhairce agus d'ith sé agus d'ól sé a dhóthain. Chuir sé amach na beithidhigh agus chuaidh an inghean abhaile agus d'innis sí an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Ghríobhtha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Gríobhtha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 26
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe