School: An Tuairín (roll number 13415)
- Location:
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Séamus Ó Tomhnra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tuairín
- XML Page 108
- XML “Cailín na Leisce”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí obair an lae sin déanta tráthnóna agus ní raibh fhios nac í an cailín a rinne í.
Maidin lá ar na bháireach cuireadh Máire isteach i stór abhí lán de líon. Dubhadh [!] leithe an méid sin lín a bheith sníomhtha agus éadach déanta dhe tráthnóna aice nó mara mbeadh go gcaillfeadh sí an ceann
Shuidh Máire síos agus ba ghearr go dtáinic sean bhean eile isteach "Céard atá ort?" ars an t-sean bhean "Tuige nac bhfuil tú ag obair"
"Ní fhaca mise an líon féin aríamh gan tráct ar bheith i ndon é shníomh"
"An dtiubharfá do bhainis dhom-sa dhá ndéanfainn an obair duit?"
"Thiubharfainn agus fáilte" arsa Máire
Bhí cos mhór mhíllteach ar an t-sean bhean seo agus leag sí an chos mhór ar an túirne lín is thosuigh uirthe ag obair agus ba gearr go raibh an líon sníomhtha D'imthigh an t-sean bhean annsin.
Ar maidin lá ar na bháireach nuair a d'eirigh Máire cuireadh isteach i stór mór eile í agus leagadh chuice an méid éadach bhí déanta an dá lá roimhe sin aice agus dubhairt an bhainrioghan léithe an méid sin éadach abheith déanta agus fuaighte aice an tráthnóna sin agus go bhféadfadh sí pósadh annsin.
Shuidh Máire síos mar ba ghnáthach agus tháinic sean bhean eile isteach agus dubhairt "Tá mé ag ceaphadh go bhfuil(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Tomhnra
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Pádhraic Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Address
- Doire Fhatharta, Co. na Gaillimhe