Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmealláin
- XML Leathanach 174
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí na réalta a bhí ar an aér ag teasbaint go gcrochfaidhe é nuair a bhéadh sé bliadhain is fíche d'aois. "Níl aon goir agam air", arsa fear an tíghe, "mar tá sé ar an saoghal faoi láthair". "Níl neart aige mar sin", arsa an fear bocht, "mar tá sé in a chinneamhaint é a chrochadh nuair a bhéas sé bliadhain is fiche". "Bhíodh foighid aige", arsa an fear bocht, "déanfaidh mise mo dhicheall dhó" agus thug sé leabhar dó le cur faoi na mhuineál. D'fhás an páiste suas go maith agus bhíodh sé ag fághail an-aire nó go raibh sé bliadhain is fíche. D'imthigh an gasúr leis nuair a bhí sé tógtha le sgoil maoinfheacht le daoine móra. Casadh isteach i dteach é maoinfheacht leis na daoine móra agus níor mhaith leis na daoine a bhí istigh chómh múinte agus a bhí sé agus chómh lághach is a bhí na daoine leis agus chuir siad na rudaí daora a bhí san teach síos in a mhála agus chuir siad na gárdaí in a dhiaidh annsin ag rádh go raibh siad goidthe aige. Tógadh é agus cuireadh I bpríosún é agus tugadh breith air é a chrochadh. An lá a raibh sé le crochadh dubhairt sé na focail seo "Chuala mise ariamh ag m'athair agus mo mháthair go raibh mé le crochadh an lá seo. Shíl mé fhéin go raibh mé múinte cneasta agus agus bhí mé ag tabhairt aire mhaith dhom fhéin acht chuir mo námhaid na rudaí seo an mo mhála ag iarraidh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Bhreathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe