School: Leitirmealláin

Location:
Leitir Mealláin, Co. Galway
Teacher:
Éamonn Ó Gógáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 174

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 174

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitirmealláin
  2. XML Page 174
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí na réalta a bhí ar an aér ag teasbaint go gcrochfaidhe é nuair a bhéadh sé bliadhain is fíche d'aois. "Níl aon goir agam air", arsa fear an tíghe, "mar tá sé ar an saoghal faoi láthair". "Níl neart aige mar sin", arsa an fear bocht, "mar tá sé in a chinneamhaint é a chrochadh nuair a bhéas sé bliadhain is fiche". "Bhíodh foighid aige", arsa an fear bocht, "déanfaidh mise mo dhicheall dhó" agus thug sé leabhar dó le cur faoi na mhuineál. D'fhás an páiste suas go maith agus bhíodh sé ag fághail an-aire nó go raibh sé bliadhain is fíche. D'imthigh an gasúr leis nuair a bhí sé tógtha le sgoil maoinfheacht le daoine móra. Casadh isteach i dteach é maoinfheacht leis na daoine móra agus níor mhaith leis na daoine a bhí istigh chómh múinte agus a bhí sé agus chómh lághach is a bhí na daoine leis agus chuir siad na rudaí daora a bhí san teach síos in a mhála agus chuir siad na gárdaí in a dhiaidh annsin ag rádh go raibh siad goidthe aige. Tógadh é agus cuireadh I bpríosún é agus tugadh breith air é a chrochadh. An lá a raibh sé le crochadh dubhairt sé na focail seo "Chuala mise ariamh ag m'athair agus mo mháthair go raibh mé le crochadh an lá seo. Shíl mé fhéin go raibh mé múinte cneasta agus agus bhí mé ag tabhairt aire mhaith dhom fhéin acht chuir mo námhaid na rudaí seo an mo mhála ag iarraidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Nic Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Mealláin, Co. Galway
    Informant
    Seán Bhreathnach
    Gender
    Male
    Age
    62
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Leitir Mealláin, Co. Galway