Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 107
- XML “Na Seachtar Mac”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)seachtar mac. “An raibh aon chloinne riamh agat” ar seisean leithe. “Ara ní raibh a mhúirnín” ar sise. “Céard d'eirigh de'n sgioból”. Thuit sé a mhúirnín”. “Ha ha a bhitheamhnaigh caillighe, is fadó shíl tú muid a bhruith is a dhóigh sa scioból sin. Táimid saidhbhir sáthach anois agus tusa beó bocht. Bhíodar ag déanamh torann in a bpócai leis an airgid. Bhí sise ag ceapad puinnte ar phuinnte go gcaithfidís mámóg chuici. D'imthigh siad leo agus níor thaobhaigh (tidhbaig) siad a teach ná a teinnteán arís go deó na ndeór.
- Duine ar bith atá ag braith ag daoine eile len'a chuid oibre a dhéanamh béidh sé gan déanamh.
Bíonn ádh ar an amadán.
Fágann an lá locht ar obair na hoidhche.
Ná díol do chearc lá fliuch.
Síleann fear na buile gurab é féin fear na céille.
Ceann mór na céille bige.
Bíonn ceann caol ar an óige.
Is fearr an troid ná an t-uaigneas.
Ní thagann ciall roimh aois.
Ciall ceannuighthe is í is fearr.- Bailitheoir
- Máirtín Ó Cadhain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe