Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 111
- XML “Mánas (Mághnus)”
- XML “Seanfhocail na hÁite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)abhaile. Chuaidh bean Mhághnuis a chodhladh. “Teirigh a chodhla lé do bhean a stór” ars a mháthair. Bhí sé ag árduighad staighre ag dul a chodhla. Sgiorr a greim agus thuit sé anuas i mbairrle uisge agus báthadh é. Bhí a mháthair an-brónach 'na dhiaidh acht ba bhrónaighe a bhean.
- Is geal leis an bhfiach dubh a gearrcach féin.
Glor árd gníomh beag.
Nuair a bhíos an tól istigh bíonn an chiall amuigh.
Sgeitheann fíon fírinne.
Níl cathair mar a tuairisg.
Níor dóigh an sean-chat é féin riamh.
Is maith an t-annlann an t-ocras.
“Is luachmhar é an tanam” mar dubhairt an táilliúr agus é ag rith on ganndal.
Is túisge deoch ná sgéal.
Is fearr marcaidheacht ar ghabhar ná coisidheacht dhá fheabhas.
Is fearr go mall ná go bráth.
I ngan fhíos do'n dlighe seadh is fearr bheith ann.
Bíonn blas ar an mbeagán.- Bailitheoir
- Máirtín Ó Coidhin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe