Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 134
- XML “An Snámhadóir Cliste”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear bocht in a chómhnaidhe i Rosmuc uair amháin agus bhí a bhean agus go leór cloinne in a gcómhnuidhe sa teach leis. Bhí sé go han bocht agus ní raibh sé éasguidh aighe airgead d'fhághail le beatha a cheannacht dóibh uilig. Faoi dheire nuair a bhí an saoghal ag dul ró chruaidh air, dubhairt sé len a bhean go gcaithfeadh sé dul in áit éigin len a bheatha a saothrú. Níor chuir sise dada in a aghaidh mar níor fhead sí aon mhilleán thabhairt dhó acht go ndubhairt sí go mbeadh uaigneas uirthí uilig nuair a d'imtheóchadh sé, agus dubhairt seisean nach ndéanfadh an t-uaigneas aon mhaith do dhuine ar bith.
Bhí go maith. Chuaidh sé ó dhuine go duine aca ag cruinniú airgid len a thabhairt go Meiriocá. Ní raibh aoinne ar an mbaile nach dtug beagán dhó go mór mór a mhuinntir féin. Chuaidh sé go Gaillimh annsin agus rinne sé an-mhór leis na mairnéalaibh agus thug sé ól dóibh. Nuair a bhíodar ag braith dul ar bhád ní raibh a shaith airgidh bealaigh aige acht dubhairt na mairnéalaigh go ndéanaidís a ndíthcheall chun é a thabhairt leo agus rinneadar plan maith amach chun é sin a déanamh.
Dubhradar leis go gcuirfidís róipín thart timcheall a choim agus go gceanglóchaidís do'n bhád é agus é féin a sgaoileadh amach ina dhiaidh. Chuaidheadar uilig ar bhád an fear seo in a ndiaidh agus bhí corr shúil aca go léir air. Ghlaodhadar amach do'n chaiptín go raibh fear in dhiaidh an bháid, nuair bhíodar teannta amach sa bhfairrge agus d'orduigh an caiptín dóibh é thógáil sa mbád agus rinneadar amhlaidh. Cheistnigh an caiptín é annsin. D'iarr sé de tuige a raibh sé ag snámh in dhiaidh an bháid. “Bhí an bád imthighthe nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Seóighe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe