Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 162

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 162

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 162
  3. XML “An Drochmháthair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    píce aoiligh a chuireadh sé amach thagadh sé arais arís, gur chuir sé an tslat ag obair agus annsin d'imthigh an taoileach amach an dor[as] uilig.
    Táinig an feilméar amach lá agus bhí iongnadh air nuair a chonnaic sé go raibh an obair go léir déanta aige, agus mhol sé thar cionn é. Dubhart sé nach ndearna aon bhuachaill cheana riamh é. Ar deireadh thosuigh sé ag fághail locht air mar chaithfeadh sé plean a dhéanamh suas chun an buachaill a chuir chun bháis, acht mo léan, sul má bhí am aige mórán a rádh, bhuail an buachaill do bhuille do'n slait é agus annsin bhí sé fuar marbh.
    D'fan an buachaill sa teach seo go raibh sé in am aige filleadh go dtí an cros bóthar agus nuair a bhí chuir sé an teach fé ghlas agus bhuail bóthar. Bhí a dhá dhritheár ag fanacht leis ag an gcrois bhóthar agus chuireadar míle fáilte roimhe, agus d'innis gach duine cé mar d' eirigh leis féin. Ní raibh an tamadán sásta go dtiubharfad sé cuairt ar a mháthair agus thug.
    Níor phós sí ariamh ó sgaradar leí. Nuair a chuaid a mac isteach chuicí d'iarr sé dhí ar aithnigh sí é agus dubhairt sise nár aithnigh. "An gcuimhnigheann tú ar an amadán a bhí agat" ar seisean. Ar chloisint na bhfocal sin dí thuit sí ar an dtalamh agus cailleadh le sgannradh agus leis an náire í.
    Chuir an t amadán sgéal chuig a dearbhrátharacha agus chuireadar triúr a máthair. Phósadar triúr in a dhiaidh, agus d'fan ceann aca i dtigh a máthar.
    Chuaidh an tamadán agus an driothar eile go tighe an fheilméara agus chuireadar futha ann. Roinn an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Seoige
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe