Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Drioathar Bocht Agus An Drioathar Saidhbhir.Bhí drioathar bocht agus drioathar saidhbhir ann fadó agus bhí an bheirt aca pósta. Bhí inghin ag an drioathar saidhbhir agus mac ag an drioathar bocht. Dubhairt an drioathar saidhbhir go gcaithfeadh an mac agus an inghean pósadh nuair bheadh siad blian is fiche d' aois. Níor mhaith leis an drioathar bocht é sin acht béigin dó glacadh leis.
Faoi cheann cúpla blian in a dhiaidh sin cailleadh an drioathar bocht agus a bhean. Thóg an drioathar saidhbhir mach an drioathar bhoicht suas agus bhí an bhrón air faoín rud a dubhairt sé leis an inghin agus leis an mbuachaill seo. Aon lá amháin réidhtigh sé é féin suas agus thug sé leis an buachaill seo no go ndeacaidh siad chuig áit mar a raibh long. Ní raibh leigheann ná sgrí ag mac an drioathar bhoicht. Annsin sgriobh a uncail litir agus thug sé do'n bhuachaill é agus dubhairt sé leis an litir a thabhair do bhean. D'fagadh an bheirt annsin beannacht ar a chéile.
Bhí mac an driothar bhoicth ag imtheacht leis agus ní raibh fhios aige cá raibh sé ag dul. Bhí sé trom tuirseach lag lúbach le hocras agus le tart. Bhí sé ag imtheacht leis agus ag síor imtheacht go bhfaca sé solus i bhfad uaidh. Dhírigh sé ar an solus agus chuaidh sé isteach sa teach agus ní raibh duine ná deóraide ann. Shuide sé síos in aice na teine agus thuit trom codla air. Teach robálaithe a bhí ann.
Nuair tháinig na robálaithe abhaile chonnaic siad an buachaill in a shuidhe in aice na teine. Dubhradar le chéile go raibh siad gabtha. Chuartuigheadar é, agus ní bhfuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Bhúrca
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Liam de Búrca
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann