Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Padhraig Na Luaithridh.
Bhí sean-fhear ann fadó agus bhí triúr mac aige, duine aca da'r b'ainm Pádhraic agus Tomás is Seán a bhí ar an mbeirt eile. Bhíodh Tomás agus Seán ag obair agus ag déanamh gach rud acht níor fhág Pádhraic an luaith riamh agus bhí sé fiche hocht mblian d'aois. Lá amháin bhí cruach coirce le bualadh aca acht ní raibh aon mhaith leis an mbeirt eile ag bualadh coirce. D'eirigh Pádhraic de leim anuas as an luaith agus chuir a chloigeann amach ar bhárr an tighe. Chuaidh sé amach as an dteach agus dubhairt sé le'n a bheirt drioathar rópa a fhághail dhó agus fuaradar rópa dhó acht dubhairt sé leobh nach raibh an rópa leath sathach fada - "Faighidh rópa eile dom" adeir Seán. Annsin fuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Cúinin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chorr Riabhach, Co. na Gaillimhe