Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 200
- XML “Gaiscíoch na Míoltóg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rí agus dubhair [!] an rí go dtiubharfadh sé a inghean dhó dá mharbhóchadh sé an tarbh fiadhain a bhí sa choill. D'imthigh sé leis go dtí an choill agus nuair a chonnaic an tarbh é rith sé chuige agus chuaidh an fear beag ar chúlaibh na gcrann agus chuir an tarbh a dhá adhairc tríd an gcrann.
Tháinig an fear beag thart agus thosuigh sé ag ropadh thart ar an gcrann go dtí go raibh muineál an tairb casta ann. Chuaidh sé chuig an rí agus dubhairt sé go raibh sé ceangailte. Tháinig an rí agus go leo daoiní ag feachaint air. "Níl mo inghean gnóthaighthe fós a'd" adeir an rí "go marbhóchaidh tú an mhuc fhaidhain atá sa gcoill".
Bhí teach beag cloiche an a bhíodh ag na fir a bhíodh ag foghláireacht sa gcoill agus nuair a chonnaic an mhuc fhiadhain é rith sé in dhiaidh an fhir bhig agus rith an fear beag isteach sa teaichín. Rith an mhuc fhiadhain isteach in a dhiaidh acht rith an fear beag amach ar an bhfuinneóig beag agus do dhún sé agus do dhún sé [!] an doras ar an mhuic.
Chuaidh sé chuig an rí agus d'innis sé dhó go raibh sé istigh sa teaichín beag aige agus chuaidh an rí ag feachaint ar an rud a bhí déanta ag an bhfear beag. Chuir an rí a chuid fear go dtí an teaichín beag. Chaith siad an mhuc le gunnaí agus marbhuigh siad í. Tháinig an fear beag go dtí dún an ríogh. Fuair sé inghean an ríogh agus pós sé í. In dhiaidh athar na mná bhí sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siubháin Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cnoc na Fuaiche, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Cnoc na Fuaiche, Co. na Gaillimhe