Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 414

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 414

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 414
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear ann fadó agus bhí ceathrar mac aige.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    aici. Dubhairt sé leis an ngaduidhach iad a ghoid. Rinne seisean amhlaidh. Chuir an foghlaéridhe urchar ionntas agus chuir an tinceár na blaosgaí le chéile arís. Bhí duine saidhbhir ‘san áit a raibh a inghean imthighthe ag éan an-fhiadháin agus do dtubharfaidhe le pósadh í le do’n té gheobhfadh í. D’airigh cluas le h-éisteacht ag caoineadh í ar oileán sa bhfarriage. Ghoid an gaduidhe í. Mharbhuigh an foghlaeridh an t-éan. Chuir an tincéar an méid dá cnámha a bhí fághta le chéile agus thugadar abhaile í. Ní raibh fhios cé dó a dtiubharfaidhe í mar bhí gach duine ag rádh go ndeárna sé féin an oiread ar a son leis an duine eile. Sa deireadh socruigheadh í thabhairt do “chluas le n-éisteacht”. Ní raibh athair an chailín sásta cead a thabhairt dí é phósadh go bhfeiceadh sé ce’n sort duine é a athair. Cuireadh teachtaire chuige agus nuair a tháinig sé go dtí an teach bhí sé beagnach tuitthe. Ní raibh aon mhaith leis an troscán ná le tada sa teach. Bhí fear an tighe I n-a shuidhe ag an teine as róstadh fataí agus á n-ithe ar a glúinibh, gan scain ná gabhlóg ach a mhéaracha. Nuair a bhí na fataí ithte aige ghlan sé a lámhaí le sup tuigheadh agus chaith isteach ‘san teine é. Rith an teachtaire ar ais agus dubhairt gur bé an fear is fearr a chonaic sé ‘riamh. Cuireadh an dara teachtaire chuige agus mhol seisean é níos mó ná an chéad duine. Pósadh “cluas le h-éistreacht” agus an cailín agus bhí saoghal maidh aca uaidh sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0653: The Four Skillful Brothers
    AT0654: The Three Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Sheóighe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Driseachán, Co. na Gaillimhe