Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 442

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 442

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 442
  3. XML “Aonach Bhaile Lábáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé ar an aonach e. Tháinig beirt driothár chuige agus d'fhiafruigh de cé mhéad ar an gcapall. "'Réis é thabhairt ar an aonach" ar seisean "ní'l fhios agam a ndiolfaídh mé é mar tá sé ag breith airgid." Bhíodar leis go bhfuaireadar an capall ar thrí chéad punt. Dá mbéidís leis an gcapall ó shoin ní bhéarfadh sé aon airgead dóibh. Chuadar go fear an chapaill le n-a mharbhughadh. Rug seisean ar dá girrfiadh. D'fhág sé ceann 'san mbaile ag a bhean. Annsin d'imthigh leis go bárr na páirce agus an ceann eile fá n-a asgaill. Tháinig na fir agus d'fhiafruigh cá raibh fear an tighe. Dubhairt an bhean go raibh sé imthighthe amach ach go gcuirfeadh sí an girrfiadh amach i n-a choinne. Chuaidh an girrfiadh as amharc agus tháinig an fear ar ais agus é fá n-a asgaill aige (mar dheadh). Cheannuigheadar an girrfiadh uaidh ar thrí chéad punt. Chuireadar-san an girrfiadh ar teachtaireacht ach níor fhill sé. Nuair a bhíodar imthighthe fuair sé putóg caorach, líon d'fhuil í agus chuir ar mhuineál a mná í mar bhí fhios aige go dtiocfaidís arís. Nuair a thángadar dubhairt sé go raibh slat aige a dhéanfadh duine a bhéadh marbh beó. Fuair sé an t-slait agus rith chuig a bhean gur cuir sgian 's bputóig. Tuit sise marbh. Bhuail sé buile de'n t-slait uirthí agus d'eirigh sí arís. Cheannuigheadar an t-slat leí ar £300. Nuair a chuadar abhaile mharbhuigh ceann aca a bhean acht nuair bhuail sé de'n t-slait í níor chorruig sí. Rinne an fear eile an rud céadhna. Thugadar cead a chinn d'fhear an chapaill mar bhí fhios aca go gcuirfeadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Nic Allmhúráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Seoladh
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe