Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 449
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear i gCrimlinn fadó darbh ainm Tomás Ó Murchadh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)[-](gan teideal)
“Tá pota óir fá bunna h-aille ar a dtugtar an bhinn Charach.”
5.
Tá pota óir fá bhun na h-aille ar a dtugtar an Bhinn Charach. Bhí fear i n-a chomhnuidhe 'san áit fadó a raibh go leór airgid aige. Nuair a bhí sé ag fághail bháis ní raibh fhios aige céard a dhéanfadh sé leis an saidhbhreas. Bhí clann-mhac aige ach bhí olc i n-a chroidhe dóibh agus níor mhaith leis go mbéidís saidhbhir dá bhárr. Thug sé an t-airgead do cheann dá chuid searbhóghntaighe agus chuir seisean isteach fá bhun na Binne Carraigh é. Ag fághail bháis dó dubhairt sé go raibh súil aige nach bhfuighfidhe an ciste go mbéadh a mhuinntir féin ar lár. Fear de na Flaithbeartaigh do b'eadh é. Bhí éad aige le n-a dhaoine féin agus sin é an fáth gur dhubhairt sé é. Tá sé ó's cionn céad bliadhain ó fuair sé bás agus níor thóruigh aoinne an ciste ó shoin. Níl aoinne dá shliocht beo anois.(leanann ar an chéad leathanach eile)