Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 470
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ar an mbaile seo fadó agus "Maittias Mór" an t-ainm a bhí air.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Níor sháthach maith leis a mhuinntir féin le dhul ag fiadhach leó agus dubhairt sé lá go rachfadh sé siar chuig 'Jackanna' na Corariabhaigh agus go ngabhfadh sé ag fiadach leó. Chuaidh agus sheas sé amuigh ag an doras. Bhí na dearbhrátharacha mór, láidir agus bhí sgáth ar Mhaittias rómpa. Bhíodar i n-a suidhe ar shuidhisteóga ag an teine agus bhí pota feóla crochta síos acu. Faoi cheann tamaill thógadar aníos an pota a dhóirteadar amach ar chiseóg an fheóil mar dóirtfidhe pota fataí. Rug duine de's na fir ar Mhaittias agus leag sé ós comhair na ciseóige é. Dubhairt sé leis a bheith ag ithe go mbéadh sé tuirseach. Nuair a bhí an fheóil ithte rug na "Jackanna" a[r] thrí mhaide agus thug an fear seo leis Maittias aríst. Bhí sgonnsa i n-aice an tighe agus chuadar amach ag féachaint cé h-acu is doimhne a chuirfeadh a mhaide. Nuair a bhí a seadh tugtha ar sin thug an fear seo leis Maittias aríst agus cuadar isteach abhaile. Shuidheadar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Nic Allmhúráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Maoilsheachlainn Ó hAllmhúráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe