Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 433
- XML “An Gearaltach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)liom ach bí ag an gcladac róm imbárach "Déanfaidh sin" ars an firín "agus d'imthigh sé as amharc.
Ar maidin lá'r na bhárach fuair an Gearaltach long bhreágh eile agus bád seóil ar fhaitchíos go mbáithfeadh iad. Bhí an firín ann freisin. Sheoladar leo nó go dtainigeadar go hIndiacha. Fuaireadar long eile plúirín D'fhilleadar ar ais arís ach nuair bhíodar ag teacht ingar do'n áit a ndeachaidh an dá luing eile síos bhí faitchíos ag teacht ar an nGearaltach Ars an feirín leis "An bhfeiceann tú dada ibhfad uait anois" Sheas an Gearaltach suas agus dfheach sé uaidh "Ní fhaca mé rud ar bith ariamh is mó is comhail leis an dá luing eile ná iad sin thall" 'S iad tá ann go cinnte" ars an firín Seo duit é seo agus caith amach ag an dá luing é agus béarfaidh sé isteach ingar don luing seo iad Is é an rud a thug sé dó na slabhra draoidheachta. Chaith sé amac sa bhfairrge é agus chuaidh sé in anacain(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 24
- Gairm bheatha
- Iníon feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe