Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 461
- XML “Páidín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bheadh sé sluigthe aice." "Agus meas tú dá dtógfaidh mise trí cinn aca liom an ndéanfad me an turas slán?" arsa Páidín "Níl fhios agam" arsa fear an tighe B'féidir go ndéanfá"
D'imthigh Páidín maidin lá r na bhárach agus thug sé na trí blocanna leis. Nuair a tháinig sé go dtí an abha bhí sé go díreach a dul treasna nuair tháinig an eascú. Caith sé ceann de na blocanna aice agus nuair bhí sé leath-bhealaigh treasna tháinig sí arís agus chaith sé an dara bloc aice. Dith sí é. Bí sé go díreach a dhul ar thalamh tirim nuair tháinig sí arís. caith sé an tríomhadh bloc aice agus chuaidh sé treasna slán.
Thosuigh sé ag siubhal thart annsin agus shíl sé nach bhfaca sé ariamh garrda ba bhreagta ná an ceann a bhí os a comhair amac. Chonnaic sé fear ag siubhal thart ar chrann a bhí ann "Maisead mo ghrádh ar Dhia" ar seisean má chonnaic mé fear ariamh ba mho cosamhlachta(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eiblín Ní Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe