Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 462
- XML “Páidín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le m'athair ná an fear sin thall. Shiubhail sé siar go dtí é agus cé bheadh ann acht an t-athair agus thosuigh an bheirt ag cainnt. "An gcuimnigheann tú ar an abhainn a tháinig tú treasna" ars an t-athair Is cuimhin [?] liom" arsa an mac "An bhfaca tú an eascú abí innti?" Chonnaicea[s] arsa an mac "Sin í do mháthair" ars an t-athair. Cuireadh annsin í mar phionús de bharr is [?] criosta is abhí sí nuair bhí sí ar an saoghal" "Bhfuil rud ar bith le fáil a thógfadh aist[i] í" arsa Páidín. "Níl" ars an tAthair Caithfidh sí fanacht annsin go lá an bhreitheamhnais" "Déanfaidh mé mo dhícheall cun í do scaoileadh agus déanfaidh mé turas thart timcheall an domhain agus déanfaidh mé í go mbeidh mo dhá chois caithte suas go dtí mo ghlúnaibh go saorfadh mé í dá mbeadh sé in mo chumas.
D'imthigh Páidin leis agus é lán tsásta cun an turais do thabhairt. Ní raibh sé imthighthe act cúpla slat nuai[r] labhair guth os a chionn. D'fheac sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eiblín Ní Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe