Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a raibh an Catach marbh agus chuir sí an corp i gcomhrainn. As go bráth leithi annsin agus ba ghearr go dtáinig sí go dtí teach beag a bí faoi bun sleibhte. Bhuail sí ar an doras agus tháinig sean-bhean liath amach agus cuir sí fáilte roimpi agus thug sí loistín dí. Igceann tamaill big tháinig beir[t] fhear isteach agus iad ag iompar cuirp Thugadar siar i seomra beag é agus ba ghearr go raibh sé beo arís agus é chomh maith is a bhí sé ariamh. Chuir sin iongnadh mór ar an mnaoi óig agus d'fhiafruigh sí den sean mhnaoi cé n sort draoidheachta abhí aca leis an bhfear déanamh beó aris "Sin iad mo thriur mac sa" ars an tsean-bhean agus tagann siad annso uile oidhche agus duine aca marbh ac níl le déanamh aca ac ceann an duine mairbh a chur faoi phíopa uisge draoidheachta agus eirigheann sé beó arís. Rug an sean bhean ar sgein agus ghearr sí a mhéar annsin [?] chuir sí faoi an bpíopa é agus bhí an mhéar comh maith agus bhí sé riamh. "B'feidir" ars an bhean óg "go leigheasochadh sé an Catach D'innis sí faoi don triúr mac(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Brigidh Ní Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 24
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe