Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)

Suíomh:
An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Shionnacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 417

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 417

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Leathanach 417
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    14. Deaidi mór ar chúl an chomrain is dhá chéad cóta mór air? (Gas gabáiste).
    15. Teachtaire beag ó theach go teach is bíonn sé amuigh san oidhche? (Casán).
    16. Chuaidh mé suas an bóithrín, agus tháinig mé anuas an bóithrín, agus thug mé an bóithrín ar mo dhruim liom? (Dréimire).
    17. Cleiteacha éanacha bána, d'eiteall siad ó Neamh agus sheasadar ar bhallaí na dtighearnaí talmhan? (Sneachta).
    18. Chuaidh mé suas an bóithrín agus casadh firín beag dearg liom. Dubhairt sé go raibh níos mó faitchís air roimh an geoileach agus an chearc ná bhí air roimh an Rí agus a chuid fear? (Piast).
    19. D'éirigh mé ar maidin lá seaca, chuala mé géim, ní géim bó é, agus ní géim coiligh é agus níl sé beo?
    (Leac-oidhre ag sgoilteadh)
    20. Céard nach féidir leis an ngréin a thriomú? (Im).
    21. Cailleach ar mullach an tighe, agus í ag caitheamh tobaic? (Similéar).
    22. Cé'n áit ar bualadh an chéad táirne? (Ar an gcloigeann).
    23. Tá sé istigh ort agus tá sé amuigh ort agus ní trom leat é? (D'ainm).
    24. Cé an taobh de'n cupán a bhfuil an lámh? (Ar an taobh amuigh).
    25. Cad é an rud is giorra dhuit? (Do léine).
    26. Chuaidh mé suas an bóithrín, agus casadh liom mo chara, ghearr mé a chloigeann agus d'ól mé a fhuil, agus d'fhág mé é mín marbh? (Buidéal uisge beatha).
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Brighid Ní Chonaire
    Inscne
    Baineann
    Aois
    78
    Seoladh
    An Cloigeann, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Spealáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    90
    Seoladh
    An Cloigeann, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Úna Ní Dhroighneáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    85
    Seoladh
    An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe