Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)

Suíomh:
An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Shionnacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 448

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 448

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Leathanach 448
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    D'eirigh mé go moch Dia Céadaoin.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    (IV)
    Agus marach go dtug mé grádh dhuit
    Gheobhfainn Árus ó mo mhuinntir féin
    Ba agus caoirig bana
    Agus páircín le n-a gcuir ar féar
    Acht codladh fada Samhraidh
    Agus greann dhá déanamh dúinn.
    Acht b'fhearr liomsa na gleannta
    Ag ól leamhnacht le clann an mhaoir.

    (V)
    Agus, a Stoirín, tuige nach dtagann tú
    Agus mé iarraidh ar mo mhuinntir féín.
    Agus a Stoirín tuige nach ndtagann tú
    Agus mé fhághail uatha uilig go léir.
    Mar abhfuil siad toilteach sásta
    Ag an gcás sin fheiceál reidh
    Acht déanaighidh comhra (?) clár dom
    Agus fágaidhidh mé go doimhin i gcré.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge