Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 480](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0076%2FCBES_0076_480.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 480
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar LÁ FHEILE MHIC DARA go ndéanfadh sé báísteach go ceann 40 lá i n-a dhiadh sin."Sé NODLAG na mBAN La Nodlag Beag. 'Sé LÁ CAOCHTA na gCNÓ an lá is teo sa mbliain. Ar OIDHCHE AN DÁ LÁ DÉÁG bíónn trillseáín lasta ag na daoine agus coinle. Marbhuigheann na daoine caoire ag FÉILE MHARTAIN. Deineann na daoine teine cnámh ar FHEILE SHEÁIN. Trialann na daoine leigheasanna ar LÁ 'LE MUIRE, agus ar DOMHNACH LOIN-DUBH tugtar turas ar Mám Éan. 'Sé an fáth a tugtar an t-ainm sin ar an áit sin, tháínig ócras ar Naomh Pádraig agus mharbhuigh sé beithidheach agus bhí an-fhearg ar an bhfear gur ba leis an beithidheach agus nuair a chonnaic Naomh Pádraig sin chruinnigh sé na cnámha le chéíle aríst agus d'fhág sé an croiceann anuas ortha agus fuair an beithidheach beo aríst. Ní maith le na daoine pósadh i n-Iúil i mBealtaine.MÁIRT na h-INIDE An Máirt roimh Céadaoin na Luaithreadh. Tá go leor pisreoga ag na daoine i dtaobh an lae sin. Deirtear má fheictear an chéad uan óg an lá sin go mbeidh mí-ádh ar na h-uain óga go léir an bhlian sin. Micheál Ó Liodáin
Cloigcheann,
Mám- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Liodáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe