Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 481
- XML “Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 'Siad na cluichi is mó a n-imrightear san áit seo, Lúrabog Lárabog, Sionnach agus Géabha, Geataí Árda, Púicín, ag Imirt Liatróíde, ag Caitheamh Léim, ag Piochadh Cnó, ag Breith ar Éanacha i gCliabhán Éan, ag Sleamhnadh ar an Leac-Oidhre sa nGeimreadh, ag Déanamh Fir Sneachta agus ag Caitheamh Liatróíde Sneachta, agus Frog ins an Lár.
'Sé an chaoi a n-imrighimid LÚRABOG, LÁRABOG, bídmíd 'nár suidhe timceall na teine oidhche Geimhridh, agus bíonn duine amháín 'na sheasamh agus bíonn an rann seo ar siubhal aigeLúrabog Lárabog,
B. Ó Néill
Néill an Priobáin
Priobán Suileach
Súileach Seicneach
Seic na mBreile
Dá chois loma,
Lomán Láchaigh
Corr na gCaillighe
Isteach go Flaitheach.Buaileann sé cosa gach duine agus an duine a dtuitfidhe an Focal "Flaitheach" air, chaitfeadh sé imtheacht as. An duine deire a bhéas ann caithfeadh sé an rann a rádh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máiréad Ní Droighneáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 42
- Seoladh
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe