Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 498](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0076%2FCBES_0076_498.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 498
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leanbhaí óga ann.
Deirtear gur thug NAOMH FHEICHÍN cuairt ar an gceanntar seo freisin fado. Tá tobar i nDún a bheannuigh sé agus tá sé an-ghar do Thobar Eanna. Tobar Feichín a tugtar air. Ní bháistear mórán leanbh i n-ainm an Naoimh sin anois.
Deirtear gur thug NAOMH PÁDRAIG cuairt ar an áit seo. Chodluigh sé oidhche ar bhárr cnuic istigh i gcarraig mhór. D'fhág sé lorg a dhá uillinn, a dhá ghluín, agus chúl a chinn sa gcarraig agus deirtear go mbeadh leigheas aon ghalar ag duine ach síneadh istigh sa leaba. Leaba Phádraig a tugtar air. Tá tobar i n-aice leis an leaba. Tugann daoine turas ann gach blian. Báistear go leor leanbhaí i n-ainm an Naoimh sin, ainm a chloistear go h-an-mhinic san gceanntar seo. Níor leigheasadh aon duine i Mám Éan ach is minic a fuair daoine rudaí a bhíodh caillte le gealladh ar turas a thabhairt go Mám Éan. Ní dhearna Naomh Pádraig aon mhíorbhailtí san aít seo. Tá lá fhéile an Naoimh ar cheann de laethe Saoire na h-Eaglaise. Lá an-mhór seadh é agus bíonn patrúin ar an bhfáirche an lá sin in a onóir.Brigid Ní Chonaire, Cloigcheam- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Conaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 78
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe