Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cupóg sráide le dóghadh neanntóg.
Cnapán gáirleóg a leagadh ar a gcéad bainne do laoigh óg bheadh sé sábháilte ó cheathramha ghorm go bráthach.
Gearbal péist, dip na gcaorach agus suaighthe
Dubhán aille go maith le fuil a stopa.
Eitinne bainne bó bliochtáin a ghearradh agus é a bhruith i mbainne leamhnachta.
Tá leigheas ar bunanna sráide le h-aghaidh bó a mbeadh píobán tinn aici.
Tá leigheas ar an neanntóig dhá mbeadh doightheacha fiacal ort an neanntóg a chur isteach i stoca agus leigheasochadh sé é.
Tá leigheas ins an alp luachra le h-aghaidh dóghadh.
Tá leigheas ag duine nach bhfaca a athair ariamh le h-aghaidh Crios Galair.
Scornach tinn:- salainn garbh a chur i stoca agus é a chur thart ar do mhuinéal
Doightheacha fiacal frog a leagaint ar do ghéill agus leigheasochadh sé é.
Fataí dóighte pian in do thaobh.
Caonach tá sé go maith le fuil a stop
Caisreabhán. Tá sugh an caisreabháin molta do dhuine ar bith a bfuil aon éagcaoin ar a chroidhe aige.
Flich brúighte, tá sé go maith le at a laghdú.
Tá leigheas freisin i mbloinic gé. Tá sé go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ní hÓgáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Dúlaigh, Co. na Gaillimhe