Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)maith le h-aghaidh cois tinn nó lámh thinn.
Tá leigheas freisin in iorball muice. An rud a bhíos taobh do’n iorball mar deire an craiceann. Tá sé sin go maith le h-aghaidh péine i do chluais.
An leigheas le h-aghaidh an triuch. Bainne cearc circe e bhleaghan síos in adhairc muice agus é mheascadh le Cleite cait.
An leigheas le h-aghaidh an bhruitineach. Bainne bruithte caoirigh, sgun i mbun na gealaigh agus é thabhairt go te.
An leigheas ata le h-aghaidh doightheacha fiacal. Salann agus ola.
An leigheas le h-aghaidh niascóid. Arán agus siúcre.
An leigheas atá le h-aghaidh faithneacha. Dhá chloch déag a chur isteach i bpáipéar agus an chéad duine a thógfhadh iad. Leigheas le h-aghaidh sgoilteacha iad a chur in uisge na bfataí.- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ní hÓgáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Dúlaigh, Co. na Gaillimhe