Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Bhríghdeóg
Bíonn Lá Fhéile Bríghde ann an chéad lá de Feabhra. Teigheann cailíní thart le bríghdeóig an oidhche sin. ’Sé an rud bríghdeóg, bábóg déanta as tuighe. Déanann siad an bríghdeóg as tuighe agus cuireann siad éadach geal uirri. Cuireann siad dhá shúil uirri agus béal le peannluaidhe. Teigheann siad thart ag na tighthe agus deireann siad rann ag gach doras. Fághann siad pighinn nó dhá phighinn i ngach teach. Nuair a bhíos siad réidh cómhaireann siad an t-airgead agus roinneann siad é idir an méid cailín a bhíos ann. Fágann siad i leathtaobh an bhríghdeóg go dtí an chéad bhliaidhain eile. Nuair a thagann siad isteach i dteach deireann na sean-daoine. “Go raibh muid beo ins an am seo aríst.”
Mise Cáit Nic an Chródha, Baile-an-Dubhlaoich, Gaillimh.- Bailitheoir
- Cáit Nic an Chródha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Dúlaigh, Co. na Gaillimhe