Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an t-ainm atá ar mo bhaile ná Ceathramha an Bhrúnaigh. Sé an chiall atá le ceathramha, píosa mór talmhan agus bhain an píosa talmhan seo le sliocht de na Brúnaigh fadó. Chomhnuidhe [“Chomhnuigh”] siad sa sean-Chaisleán atá in-aice na scoile.
Tá naoí dteach déag sa mbaile. Beirt Bhríainaigh[,] ceathrar Baoghalaigh, beirt Feoraise, triúr Corcoráin, Beaglach, Catháin, Dubhgáin, Mac Diarmuda, beirt Chódaim agus Hannraoi Breathnach.
[Duine eile a scríobh an méid seo thíos]
Sé an t-ainm atá ar mo bhaile ná Baile-an Dubhlaoich. Sé an fáth a bhfuil Baile an Dubhlaoich ar, mar tá sean-chaisleán sa mbhaile agus deireann na sean-daoine go raibh dream ann fadó agus sé an t-ainm a bhí orra ná Dubhlaoich. Sé an t-ainm ata ar mo Pharáiste Caisleán Geárr. Sé an t-ainm atá ar mo chonndae Conndae na Gaillimhe. Tá go leór daoine agus tighthe i mo bhaile.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Stiophán Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe