Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cuid mhaith tobair naomhta thart annseo acht tá siad fada go maith ó na chéile. Tá ainmneacha éagsamhla orra. Tobar Mhic Duach atá i gClaidhe an Dá Mhíle. Deirtear gur leigheasadh daoine ann fadó. Tá ceann eile i gCroc Mhaoil Dris. Níl aon chainnt ar leigheasadh aon daoine ann.
Tá Tobar Mhic Duach céad slat ó’n mbóithrín a ritheas ó Bhaile an Dubhlaoich go Bothán an Chúinne. Tá sé ar an taobh thíos de’n bhóithrín agus tuairin ’s leath-bhealach idir an dá áit.
Rachadh na daoine fadó ag baint Feamuinne Aoine an Chéasta. Nuair a thiocfadh siad abaile. Ní íosfhadh siad aon rud go ndéanfadh siad turas i dtobar Mhic Duach
Tá tobar beannuighthe i Loch an tSáile. Teigheann na daoine ann an Domhnach deire de Lughnasa. Nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí hÓgáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Dúlaigh, Co. na Gaillimhe