Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh

Suíomh:
Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Míchéal Ó Reachtabhra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 235

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 235

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
  2. XML Leathanach 235
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mé impidhe gan mé fághail bás go mbainfinn sásadh diobhtha mar sin iad an dream a chuir isteach ins an gcónra mé, agus a chuir mé ins an tuamba. Ní raibh i ndán dom aon bás a fághail go dtagadh duine go dtí mé a mbéad misneach aige agus a dhéanfadh liom mar rinne tú, an bhfeiceann tú na trí leacht cloch atá i ndiaidh a chéile taobh istigh do'n chlaidhe. Tá trí phota óir futha sin; geobha tú iad lá ar bith is maith leat a theacht dá gcoinne. D'imhtigh siad leobhtha annsin go dtí an tuamba. "Cuir isteach ins an gcónra mé adeir sé "agus cuir an clab air agus dúin an tuamba orm". Rinne sí é. Teirigh abhaile anois" adeir sé agus tá mise ag dul ag fághail báis" adeir(r) sé. D'imhtigh sí annsin agus thug leithe an maide agus chuaidh sí abhaile agus chuaidh sí a chodladh agus í trom tuirseach tar éis na h-oidhche. Nuair a d'eirigh(e) sí gceann sgathaimh do'n mhaidin cuala sí caoineadh mór ar fud an bhaile d'fiafruigh sí cé'n fáth an caoineadh dubhradh léithi go raibh beirt mhac le na leitide seo do fhear marbh de bharr na h-oidhche agus gan fios cé rinne é. Cuaidh sí ag an teach agus fuair sí an t-athair agus an mháthair caoineadh agus ag béiceadhach agus an teach lán lé daoine. Dubhairt sí leis an athair na daoine a chur amach agus go ndéanfadh sí féin maith dhóibh dá bhféadfadh sí. Dubhairt se leobhtha a dhul amach go ceann tamaill: chuaidh siad amach. Chuaidh sí féin amach agus thug sí léithi an píosa cáca
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Beaglach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Gort an Chalaidh, Co. na Gaillimhe