Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- XML Leathanach 236
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhí dtaisge aici sa mbun tsop agus tug sí istea[ch] é. Chuir sí síos i mbaisín uisge té é agus d'fháis[g] sí an fhuil as amach. Tug sí braon do le n-ól do'n bhei[rt] a bhí marbh, d'eirigh suas chomh maith agus bhí siad aria[mh.] Bhí ionghnadh mór céard a bhí déanta scaip na daoi[ne] agus chuaidh siad abhaile. "Céard a fhéadfa mé a dhéanamh leat ar son an mhaith atá déanta agat? Fear acu a tabhairt dhom le pósadh" adeir sí. "Tiubhr[a] mé dhuit duine ar bith acu" adeir sé. "Tóigfe mé an fear is sine" adeir sí, sé is cóire dhom. Posadh iad annsin, nuair a bhí an pósadh thart chuir sí fios ar a dearbhráthair féin annsin, siubhail sí féin agus a dhearbhatháir [!] agus an fear pósta amach. Chuaidh siad go dtí an áit a raibh na trí potaí óir. Tóig siad iad. Choinnigh sí dhá cheann dóibh fhéin agus ceann do'n dearbhratháir. Bhí a sáith annsin acu fhaid is mair siad. Rinne siad bainis mhór annsin agus cruinniú mór dá réir. Bhí mé fhéin ag an mbainis. Nuair a bhí an bainis thart fuair mé builín a chosain sé pighne agus peire stoca bainne reamhar agus bróga páipéar. Níor mhair na bróga páipéar a bfad agus níor mhair na stocaí bainne reamhar comh fad[a] sin fhéin nuair bhí siad caithte b'eigin dom na bonaca a thabhairt do'n talamh acht bhí mé ag bainnt plaic as an mbuilín go raibh mé sa mbaile.
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Beaglach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Gort an Chalaidh, Co. na Gaillimhe