Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- Suíomh:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maolruanaí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal Grinn
Sa tsean aimsir bhí ruifíneach cliumhail in-a chomhnuidhe i gConamara ar a dtugtaoi Gaduidhe Dubh ó Dúbháin mar gheall ar a bheith in-a chlioba[ire?] árd dubh agus a raibh gruag fhada air chomh fada le fiach agus feasóg catach air. Istigh i lár coille a bhí an gaduidhe ina chomhnudhe [!] agus dubhradh go raibh pota óir a fuair sé ó bheith ag robáil na ndaoine simplidhe. Chuirfeadh sé siraois mhagaidh air féin i gcomhnuidhe nuair a smaoineadh sé ar an gcreach mór a bhí le fágháil aige. Sa gcomharsannacht bhí feilméara in-a chomhnaidhe darbh ainm Pádhraig ó Suibhne. Pádhruig mór a bhí i mbéal na ndaoine mar fear mór ar bheagán céille a bhí ann
Shocruig Pádhruig mór go rachadh sé ar aonach an Clochan le caoraigh a bhí aige. Chuala ó Dúbháin é seo agus dubhairt sé leis féin nach leigfeadh sé a leas ar cháirde. Nuair a chonnaic sé ó Suibhne ag teacht ghoid sé an caora uaidh- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Cuirrín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Troscaigh Thoir, Co. na Gaillimhe