School: Naomh Séamus (Freeport)
- Location:
- An Chéibh, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maolruanaí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Page 316
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal Grinn
Sa tsean aimsir bhí ruifíneach cliumhail in-a chomhnuidhe i gConamara ar a dtugtaoi Gaduidhe Dubh ó Dúbháin mar gheall ar a bheith in-a chlioba[ire?] árd dubh agus a raibh gruag fhada air chomh fada le fiach agus feasóg catach air. Istigh i lár coille a bhí an gaduidhe ina chomhnudhe [!] agus dubhradh go raibh pota óir a fuair sé ó bheith ag robáil na ndaoine simplidhe. Chuirfeadh sé siraois mhagaidh air féin i gcomhnuidhe nuair a smaoineadh sé ar an gcreach mór a bhí le fágháil aige. Sa gcomharsannacht bhí feilméara in-a chomhnaidhe darbh ainm Pádhraig ó Suibhne. Pádhruig mór a bhí i mbéal na ndaoine mar fear mór ar bheagán céille a bhí ann
Shocruig Pádhruig mór go rachadh sé ar aonach an Clochan le caoraigh a bhí aige. Chuala ó Dúbháin é seo agus dubhairt sé leis féin nach leigfeadh sé a leas ar cháirde. Nuair a chonnaic sé ó Suibhne ag teacht ghoid sé an caora uaidh- Informant
- Mícheál Ó Cuirrín
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Troscaigh Thoir, Co. Galway