Scoil: Páirc na Sceach (uimhir rolla 13856)
- Suíomh:
- Páirc na Sceach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac Suibhne
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 422](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0030%2FCBES_0030_422.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 422
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Each uisge i Loch Riabhach.
Bhí fear saidhbhir in-a chomhnaidhe ar bhruach Locha Riabgach tráth. Tighearna Talamhan a b’eadh é agus bhí talamh Baile Loc’ Riabhach ar fad fé chíos aige, ach bhí tionóntaí aige ar chuid de agus d’íocadh na tionóntaí seo cíos leis. Ruaidhrí Ó Mórdha a b’ainm dó. Aon bhliadhain amháin chur sé píosa mór de’n talamh fá arbhar, San bhFoghmhar nuair a bhí an t-arbhar aibidh, chuaidh an tighearna amach ag breathnú ar an arbhar chonnaic sé go raibh a lán díoghbhála déanta do’n arbhar. D’fhág sé gárda saighdiúirí ag tabhairt aire dó an oidhche sin. I lár na hoidhche tháinigh ionghnadh mór ar na saighdiúirí nuair chonnaiceadar sgata de eachanna uisge ag teacht amach as an loch agus isteach san bpáirc leo. Thosuigheadar ag ithe an arbhair comh tréan agus d’féadadar agus nuair a bhí a sháith ithte aca d’imthigheadar leo. Lá’r na bháireach d’innis na saighdiúirí do’n tighearna fá’n rud a thárla agus d’orduigh an tighearna dhóibh breith ar cheann aca. Nuair thuit dorchadas na h-oidhche chuadar amach ag faire ar na h-eachanna. Thárla an rud céadhna do thárla an oidhche roimh réidh. Nuair tháinig na h-eachanna isteach san bpáirc rith na saighdiúirí i na ndiaidh agus rugadar ar cheann aca. Thugadar abhaile chuig an tighearna é. Chuir an tighearna isteach i sgiobóil é agus d’fhág sé annsoin é go raibh sé roinnt reamhair. Nuair a bhí sé roinnt reamhar bhí sé in a each chomh breágh is bhí i n-Éirinn. Annsoin chuir sé amach san rása é agus ní raibh capall ar bith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Cheara
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Barr na Crannaí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Míchéal Ó Flannacha
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Barr na Crannaí, Co. na Gaillimhe