Scoil: Garbh Fhearáin (Garrafrauns) (uimhir rolla 13155)
- Suíomh:
- Na Garfráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Fionnagáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 525](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0030%2FCBES_0030_525.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 525
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Droichead ar loch gan maide gan cloch. (leac-oidhre).
Fear beag ina seasamh le claidhe, itheann sé gach a bhfághann sé ach ní ólann sé uisge. (Teine)
Corcán óir agus é lan de feóil beo. (Méaracán)
Céard a theigheas suas sa teach agus é bun os cionn. (Tairgne in do bhróig)
Cómh h-árd le balla
Cómh bán le bainne
Cómh dearg le fuil
Cómh milis le mill (Ubhall)Teachtaire beag bídeach 'na luighe ag an tobar.
Ní ólann sé bainne is ní itheann sé arán
Is ní dhéanann sé tada
Go gcuirimid a cheann ann
(Peann)Níorbh íasg é na feóil, fuil ná crámh
Agus choinnigh mé é gur siubhal sé uaidh féin.
(Ubh)Chuaidh mé suas an bóithrín agus thug mé an bóithrín ar mo dhroim.
(Dréimre)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Breathnach
- Inscne
- Fireann