Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)

Suíomh:
Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Muiris Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 010

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 010

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Gobnait
  2. XML Leathanach 010
  3. XML “Fear Maraithe Céad d'Aon Bhuille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus bhí an duine bocht sceimhlighthe rómpa an uair sin agus sé bhí go sásta nuair a fuair sé 'mighthe iad. D'eirig sé 'na sheasamh agus cuir do aríst agus bhí ana mhuinghin aige as féin i dtaobh gur dhein an cheud phlan an bheart so.
    Bhí sé ag imtheacht gur bhuail tig mór leis. Tig duine uasail do b'ead é. Chuaidh sé fé dhéin an tighe agus d'iarr sé obair ar fear an tighe. Dúbhairt sé sin leis ná raibh aon obair aige do ba riachtanaí [?] ná an tigh nuadh a bhí sé a tógaint a fhaireadh dho ist-oidhche mar an méid a tógtaí is ló de go mbíodh se leagtha ist-oidhche agus an t-é théigheadh ag faireadh ist-oidhche go mbíodh sé marbh rómpa ar maidin.
    "Dar fiadh!" arsan figheadóir go bhfairfead-sa anocht é."
    "Má fhaireann tú," arsa fear, "geóbhair £5 ar maidin uam."
    Leis sin do dhein an figheadóir suas é féin. Sé an cheud rud a dhein sé ná mealbhóg a dhéanamh de chroiceann caorach agus cuir sé las'-tig dá chuid éadaig í agus í líonadh de ghruth bainne.
    D'imthig air fé dhéin na cúirte nuadha agus chuaidh i bhfollach isteach le h-ais bonn fuinneóige a bhí ann. Níor bhfada do gur chualaidh sé an fothram chuige agus is amhlaidh a bhí an fathach mór agus do thosnuig ar an gcúirt do leagadh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    AT1045: Pulling the Lake Together
    AT1062: Throwing the Stone
    AT1088: Eating Contest
    AT1640: The Brave Tailor
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Muircheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Gairm bheatha
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Gleann Loic, Co. Chiarraí