Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)
- Suíomh:
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Muiris Ó Dálaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 013](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0418%2FCBES_0418_013.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 013
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Pé cleas is maith leat." ar san fígheadóir.
"Sé cleas bhíodh agamsa fadó," ar san fathach, "Inneóin ceárdéan atá ar an dtaobh amuigh a' thig - breith ar corra-chip airthe léd' leath-lámh, agus í chaitheamh de dhruim an chaisleáin agus bheith d'aon léim amháin roimpe ur an dtaobh eile agus sara raghadh sí ar an dtalamh, í ghabháilt i ladhar do thóna agus í chaitheamh as san arís agus í chur sa luigheachán ceudna 'na raibh sí" (go bhfuil sí).
"Ba mhaith liom go bhfeicfinn deunta é sin," arsan fígheadóir.
"Chídhfir láithreach," arsan fathach, agus b'sheo amach é. Rug sé ar chorra-chip ar an inneóin lé 'na leath-láimh agus do chaith do dhruim an chaisleáin í, agus do léim agus do bhí roimpe 'on dtaobh eile agus do ghaibh sé i ladhar a thóna í agus do sgoilt sí isteach go cnámh é agus do chaith thar-nais í, agus do chuir sa luigheachán ceudna í.
Nuair d'fheuch sé tarais is amhlaidh a bhí an fígheadóir anáirde ar chlaidhe mór árd, a mheur 'na bhéal aige agus é ag feadghaoil.
"Cad na thaobh go bhfuileann tú ag feadghaoil?" arsan fathach leis.
"Driotháir de ghabha dhom a fhágas aige baile um' dhiaidh agus ní raibh luid den' inneoin aige, agus táim ag glaodhach air chúm. Nuair a chaithfhinn í, go mbeadh sé amuigh rómham agus go ngeóbhadh sé í agus dheunfadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann Loic, Co. Chiarraí