Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)
- Suíomh:
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Muiris Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Gobnait
- XML Leathanach 043
- XML “An Fáinne Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí sí ag gol d'iarraidh é bhaint di. Sé an cleas a dhein sí ar deire ach ceirt a chasadh ar a méir. Nuair a tháinig an t-athair d'fiafruig sé dhi cad d'imthig airthe agus dúbhairt sí go raibh sí ag gearra blúire beag feóla agus go ngearr sí í féin leis an sciain.
"Spáin (teasbáin) dom í," arsan t-athair
"Ó! ní faic é," ar sise leis, beidh sí go maith amáireach".
Bhí an ceirt ar a méir ar feadh tamaill ach dúbhairt an t-athair léithe ar deire go gcaitfeadh sí an meur do theasbáint do. Agus ansan nuair a chonnaic an t-athair an fáinne dúbhairt sé léithe go gcaithfeadh sí é phósadh.
Dúbhairt sí leis ná deunfadh go bhfaigheadh sí culaith do gach saghas dath.
D'imthig sé ag lorg an chulaith agus thug trí mbliadna agus trí lá amuig. An fhaid a bhí sé amuig, bhí siúinéir anaice leis an gcailin agus dhein sé satach di. Chuaidh sí isteach 'on t-sathach agus chuir an siúinéir tón agus ceann ann.
Ansan scaoil sé leis an satach amach ar an bfarraige. Nuair a tháinig an t-athair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Leidhin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 19
- Seoladh
- Cloichear, Co. Chiarraí