Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)

Suíomh:
Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Muiris Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 044

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 044

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Gobnait
  2. XML Leathanach 044
  3. XML “An Fáinne Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ní raibh an cailín lé fághail aige. Chuardaig gach áit ach ní raibh tásc ná tuairisg lé fághail aige airthe.
    Bhí an sathach ag imtheacht amach ar an bhfarraige agus sa deire tháinig sé isteach i dtráigín beag.
    Bhí fear a' tarrac gaimhnighe ar an dtráig agus nuair a chonnaic sé an sathach d'imthig sé chuige. Bhí rud ag glóruíl istig sa t-sathach agus d'imthig sé abhaile ag glaodhach ar thrúir fear eile. Thángadar go dtí an sathach agus dúbhairt an cailín istig an tón a bhaint breágh socair as an sathach.
    D'imthig duine acu abhaile a' triall ar thuaigh agus bhaineadar an tón as an sathach.
    Nuair a tháinig an cailín amach d'fhiafruig sí dóibh an raibh aon feirmeóir timcheall ar lorg cailín aimsire, agus dúbhradar léithe go raibh.
    Thugadar go dtí an dtig í, agus d'fhiafraig an feirmeoir di cad a bheadh uaithe sa mbliadhain.
    £17 ("seacht púint deug") ar sise. Agus bhí an feirmeoir sásta leis sin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Leidhin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    19
    Seoladh
    Cloichear, Co. Chiarraí