Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)
- Suíomh:
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Muiris Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Gobnait
- XML Leathanach 046
- XML “An Fáinne Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí mórán daoine amuig roimpe. Chuaidh an capall ar a dhá ghlúin aríst, ach nuair a bhí sí ag imtheacht léi agus í ar marcuidheacht air sciob mac an Rí an bhróg di, agus tháinig sí abhaile 'á ceal.
Ansan dúbhairt mac an Rí dá raghadh an bhróg ar éinne go bpósfadh sé í sin. Chuaidh gach aon cailín chuige ach níor chuaidh an bhróg ar éinne acu.
"B'féidir go raghadh sí ormsa," arsan cailín.
"Ní rabhaise in aon chor ag an Aifreann," arsa na cailíni eile léi.
Ach go h-áirthe chuaidh sí mar a raibh an Rí agus chuaidh an bhróg airthe.
Pósadh an lá san iad agus mhaireadar go lán t-sásta as san amach.- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Leidhin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 19
- Seoladh
- Cloichear, Co. Chiarraí