Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 046
- XML “Bád Sí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an tam ag imhtheacht. Bhíodar ag feitheamh agus ag feachaint timcheall ortha féin acht an bhfaighidís an tríomhad fear. I gceann tamaill do ghaibh slataire an t-slíghe anuas agus a chuid aíleanna ar a dhrom aige. Dubhairt an fear leis an raigheadh sé ag iasgach. "Raigheadh" arsa an slataire.D'imthigheadar ortha agus thánadar ag iasgach thiar san leaca dhúbhach san oileán. Bhí an oidhche ana bhréag ar fad. Bhí a lán báid nach iad ag iasgach. I gceann tamaill dúbhairt an slataire le fear na naomhóige.
"Déanfaidh sé droch oidhche. Teiceadh sibh agus glaoidh ar pé bád is maith leat."
An méid bád a casadh air, glaoidh sé ortha. Chuadar féin abhaile agus iad Ceann Sléibhe ó dheas gaibh bád thart agus seól bán uirthi. "Sin í mo naomhóg-sa agus caithfhead dul innte" arsa an slataire.(leanann ar an chéad leathanach eile)