Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 111
- XML “Na Goirt”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní leigfeadh aon chaoire tarais an bpáirc aniar — mar fuair sé í mar fheirm.
An Trasnán. Bhíodh sé seo á chur soir siar fadó acht tá sé a chur síos suas anois.
Cúil an chamraig. Is dócha go b'eadh bághadh ártach nú rud éigin annseo fadó agus go b'eadh bhí sgata corpnaibh ann.
An Gort fada. Sé seo an gort is fuide ar an mbaile.
An t-Isleán bán. Áit ana lom a b'eadh é seo. Ní fásadh ann acht fear fada bán agus ní mór go mblaiseadh aon ainmhidhe é.
Tobar an phúca. Bhí tobar annseo fadó. Deirtear go mbíodh rud éigin i bhfuirm phúca le feisgint ann. Níl an tobar ann anois acht tugtar an ainm ar na guirt fé na bhun.
An Talamh garbh. Tuisg fear agus talamh garbh a bheith ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)